Abstract

Réamhfhocal Sa staidéar píolótach seo rinneamar iniúchadh ar an gceangal atá ann idir labhairt na Gaeilge agus muintearas, ag díriú go sonrach ar chainteoirí Gaeilge ó chúlraí eitneacha agus/nó náisiúnta éagsúla i bPoblacht na hÉireann. Ghlac daoine, a raibh náisiúntachtaí agus eitneachtaí éagsúla acu, rannpáirt sa staidéar. Trí thaighde cáilíochtúil (ag amharc trí lionsa an náisiúnachais) rinneamar imscrúdú ar an gceist an dtugann labhairt na Gaeilge le mothú do dhaoine gur Éireannaigh iad. Ag an am céanna rinneamar scrúdú ar an eispéireas a bhí acu le daoine a bhí ag iarraidh iad a dhúnadh amach. Taispeánann ár dtorthaí an ról cumasaithe atá ag an nGaeilge do dhaoine ó chúlraí éagsúla, ag cuidiú leo imeascadh sa tsochaí, ag cuidiú leo cur i gcoinne an choimhthithe nó an chiníochais, agus i gcoinne daoine a cheistíonn cén fáth a bhfuil siad in Éirinn. Mar sin féin, d’fhéadfadh teannas a bheith ann idir Éireannaigh bhána agus iad siúd ó chúlraí éagsúla atá ina gcainteoirí Gaeilge, rud a thógann ceisteanna tábhachtacha maidir le coimhlintí agus toradh na gcoimhlintí sin. Tugann an staidéar seo bunléargais ar chúrsaí agus leagann sé béim ar an ngá atá le tuilleadh imscrúdaithe a dhéanamh sa réimse seo.

Full Text
Published version (Free)

Talk to us

Join us for a 30 min session where you can share your feedback and ask us any queries you have

Schedule a call